1 D'ardaigh mé mo shúile arís agus cad a chonaic mé ach ceithre charbad ag nochtadh chugainn amach idir dhá shliabh. Sléibhte cré-umhaí ba ea na sléibhte seo.
2 Bhí capaill rua faoin gcéad charbad, agus capaill dhubha faoin dara ceann,
3 agus capaill bhána faoin tríú ceann, agus capaill bhallacha láidre faoin gceathrú ceann.
4 Cheistigh mé an t‑aingeal a bhí ag caint liom, á rá: “Cad iad seo, a dhuine uasail?”