2 Bhí capaill rua faoin gcéad charbad, agus capaill dhubha faoin dara ceann,
3 agus capaill bhána faoin tríú ceann, agus capaill bhallacha láidre faoin gceathrú ceann.
4 Cheistigh mé an t‑aingeal a bhí ag caint liom, á rá: “Cad iad seo, a dhuine uasail?”
5 Dúirt an t‑aingeal liom ansin, do mo fhreagairt: “Tá siad seo ag gabháil amach faoi cheithre hairde na cruinne tar éis dóibh a bheith ag freastal ar Thiarna an domhain uile.
6 Tá carbad na gcapall dubh ag dul go dtí an tuaisceart agus carbad na gcapall bán ag dul go dtí an t‑iarthar agus carbad na gcapall ballach ag dul go dtí an deisceart.”
7 Tháinig siad amach go beo bríomhar agus flosc orthu chun dul anonn agus anall ar fud an domhain mhóir. “As go brách libh as seo anonn agus anall ar fud an domhain,” arsa an t‑aingeal agus d'imigh siad leo ar chuairt na cruinne.
8 Ghlaoigh sé ormsa ansin agus labhair sé liom mar a leanas: “Féach,” ar seisean, “na cinn atá ag dul i dtreo an tuaiscirt tabharfaidh siad ar spiorad [an Tiarna] tuirling ar an tuaisceart.