1 Sa cheathrú bliain de réimeas Dháire rí, ar an gceathrú lá den naoú mí, is é sin le rá, de mhí Chisléu, labhraíodh briathar an Tiarna le Zacairia.
2 Is amhlaidh a chuir muintir Bhéit Éil feidhmeannach de chuid an rí darb ainm Searaizir uathu, i dteannta a chuid fear, chun fabhar a impí ar an Tiarna,
3 agus chun an cheist seo a chur ar shagairt Theampall Thiarna na Slua agus ar na fáithe: “An gcaithfidh mé caoineadh agus troscadh a dhéanamh go fóill sa chúigiú mí faoi mar atá á dhéanamh agam leis an oiread sin blianta anuas?”
4 Labhraíodh briathar Thiarna na Slua liom ansin mar a leanas:
5 “Abair é seo le muintir uile na tíre agus leis na sagairt: ‘Nuair a dhéanadh sibh troscadh agus caoineadh sa chúigiú agus sa seachtú mí le seachtó bliain anuas, an ar mo shonsa a dhéanadh sibh é?
6 Agus nuair a d'itheadh agus a d'óladh sibh nach ar bhur son féin a dhéanadh sibh ithe agus ól?
7 Nárbh iad seo na briathra a d'fhógair an Tiarna trí bhéal na bhfáithe tosaigh, nuair a bhí daoine ina gcónaí faoi rath in Iarúsailéim, agus sna bailte atá ina timpeall agus sa Neigib agus sna hÍsleáin freisin?’ ”