5 “Abair é seo le muintir uile na tíre agus leis na sagairt: ‘Nuair a dhéanadh sibh troscadh agus caoineadh sa chúigiú agus sa seachtú mí le seachtó bliain anuas, an ar mo shonsa a dhéanadh sibh é?
6 Agus nuair a d'itheadh agus a d'óladh sibh nach ar bhur son féin a dhéanadh sibh ithe agus ól?
7 Nárbh iad seo na briathra a d'fhógair an Tiarna trí bhéal na bhfáithe tosaigh, nuair a bhí daoine ina gcónaí faoi rath in Iarúsailéim, agus sna bailte atá ina timpeall agus sa Neigib agus sna hÍsleáin freisin?’ ”
8 Labhraíodh briathar an Tiarna ansin le Zacairia mar a leanas:
9 “Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Tugaigí fíorbhreithiúnas uaibh; taispeánadh gach duine agaibh buanghrá agus trua dá bhráthair.
10 Ná déanaigí foréigean ar an mbaintreach ná ar an dílleachta, ar an gcoimhthíoch ná ar an mbochtán; ná bíodh aon duine agaibh ag meabhrú oilc ina chroí in aghaidh a bhráthar.’ ”
11 Ach dhiúltaigh siad éisteacht liom agus d'iompaigh siad gualainn stailceach chugam agus thug siad cluas bhodhar dom ar eagla go gcloisfidís.