1 Labhraíodh briathar Thiarna na Slua liom mar a leanas:
2 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Tá teasghrá éadmhar agam do Shíón,a mhúsclaíonn tocht díograise ionam di.”
3 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Fillfidh mé ar Shíónagus déanfaidh mé cónaí i lár Iarúsailéim.Glaofar an Chathair Dhílis ar Iarúsailéim,Sliabh Thiarna na Slua, an Sliabh Naofa.”
4 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Beidh seanfhir agus seanmhná ina suí arísi gcearnóga Iarúsailéim;beidh bata ag gach duine díobh ina láimhde dheasca a sheanaoise.
5 Agus beidh cearnóga na cathrachlán de bhuachaillí agus de chailíníagus iad ag súgradh iontu.”