10 Óir, roimh na laethanta seoní raibh luach saothair le fáil ag fear nó ag ainmhí,agus, mar gheall ar a chuid naimhde,ní raibh sábháilteacht ar bith ann do dhuineagus é ag dul i mbun a ghnó;mar bhí mé tar éis an uile dhuinea chur in aghaidh a chomharsan.
11 Ach anois ní chaithfidh méle hiarmhar an phobail seofaoi mar a chaith mé leo tráth,”a deir Tiarna na Slua.
12 “Beidh rath agus bláth ar a síol;tabharfaidh an fhíniúin a caoraagus an talamh a thorthaí;fearfaidh na spéartha a ndrúcht,agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seoi seilbh na maitheasaí seo go léir.
13 Faoi mar ba mhallacht sibh tráth i measc na náisiún,a theaghlaigh Iúdá agus a theaghlaigh Iosrael,sin mar a shábhálfaidh mé sibhnó go mbeidh sibh in bhur n‑ábhar beannachtaí dóibh;ná bíodh aon eagla oraibh mar sinach músclaígí bhur misneach.”
14 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Faoi mar a bheartaigh médochar a dhéanamh daoibhnuair a chuir bhur n‑aithreacha fearg orm,”a deir Tiarna na Slua,“agus nár tháinig aithreachas ar bith orm faoi,
15 sin mar atá sé beartaithe agam athuairrath a chur ar Iarúsailéimagus ar theaghlach Iúdá sna laethanta seo.Ná bíodh eagla oraibh.
16 Is iad seo na haitheanta atá le comhlíonadh agaibh:labhraíodh gach duine an fhírinne lena chomharsa;ag bhur ngeataí tugaigí fíorbhreithiúnais,a bhuanóidh an tsíocháin eadraibh;