11 Ach anois ní chaithfidh méle hiarmhar an phobail seofaoi mar a chaith mé leo tráth,”a deir Tiarna na Slua.
12 “Beidh rath agus bláth ar a síol;tabharfaidh an fhíniúin a caoraagus an talamh a thorthaí;fearfaidh na spéartha a ndrúcht,agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seoi seilbh na maitheasaí seo go léir.
13 Faoi mar ba mhallacht sibh tráth i measc na náisiún,a theaghlaigh Iúdá agus a theaghlaigh Iosrael,sin mar a shábhálfaidh mé sibhnó go mbeidh sibh in bhur n‑ábhar beannachtaí dóibh;ná bíodh aon eagla oraibh mar sinach músclaígí bhur misneach.”
14 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Faoi mar a bheartaigh médochar a dhéanamh daoibhnuair a chuir bhur n‑aithreacha fearg orm,”a deir Tiarna na Slua,“agus nár tháinig aithreachas ar bith orm faoi,
15 sin mar atá sé beartaithe agam athuairrath a chur ar Iarúsailéimagus ar theaghlach Iúdá sna laethanta seo.Ná bíodh eagla oraibh.
16 Is iad seo na haitheanta atá le comhlíonadh agaibh:labhraíodh gach duine an fhírinne lena chomharsa;ag bhur ngeataí tugaigí fíorbhreithiúnais,a bhuanóidh an tsíocháin eadraibh;
17 ná beartaíodh aon duine agaibholc ina chroí in aghaidh a chomharsan;agus ná bígí tugtha do mhionnaí bréige;óir, is fuath liom na nithe sin go léir,”a deir an Tiarna.