Zacairia 8:8-14 ABN

8 Tabharfaidh mé ar ais iadchun cónaí a dhéanamh in Iarúsailéim.Beidh siad ina bpobal agamsaagus beidh mise i mo Dhia acusango dílis agus go cóir.”

9 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Músclaígí bhur misneach,sibhse atá ag éisteacht sna laethanta seoleis na briathra seo ó bhéal na bhfáitheatá ag déanamh tairngreachta,ón lá ar leagadh bunsraith theach Thiarna na Slua,ionas go n‑atógfaí an Teampall.

10 Óir, roimh na laethanta seoní raibh luach saothair le fáil ag fear nó ag ainmhí,agus, mar gheall ar a chuid naimhde,ní raibh sábháilteacht ar bith ann do dhuineagus é ag dul i mbun a ghnó;mar bhí mé tar éis an uile dhuinea chur in aghaidh a chomharsan.

11 Ach anois ní chaithfidh méle hiarmhar an phobail seofaoi mar a chaith mé leo tráth,”a deir Tiarna na Slua.

12 “Beidh rath agus bláth ar a síol;tabharfaidh an fhíniúin a caoraagus an talamh a thorthaí;fearfaidh na spéartha a ndrúcht,agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seoi seilbh na maitheasaí seo go léir.

13 Faoi mar ba mhallacht sibh tráth i measc na náisiún,a theaghlaigh Iúdá agus a theaghlaigh Iosrael,sin mar a shábhálfaidh mé sibhnó go mbeidh sibh in bhur n‑ábhar beannachtaí dóibh;ná bíodh aon eagla oraibh mar sinach músclaígí bhur misneach.”

14 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Faoi mar a bheartaigh médochar a dhéanamh daoibhnuair a chuir bhur n‑aithreacha fearg orm,”a deir Tiarna na Slua,“agus nár tháinig aithreachas ar bith orm faoi,