1 Oracal.Tá briathar an Tiarna i ndúiche Hadrác,agus tá foslongfort aige sa Damaisc,- mar is leis an Tiarna cathracha uile Arámfaoi mar is leis treibheanna uile Iosrael.
2 Tá sé i Hamát freisin, áit atá ar a teorainnagus sa Tuír agus i Síodón, dá mhéad í a n‑eagna.
3 Tá an Tuír tar éis daingean a thógáil di féin,agus airgead a charnadh mar dheannach,agus ór a chnuasach mar lathach na sráideanna.
4 Ach, féach! Gabhfaidh an Tiarna seilbh uirthi;brisfidh sé a cumhacht ar an bhfarraigeagus loiscfear í le tine.
5 Feicfidh Aiscileon é sin agus tiocfaidh eagla uirthi;feicfidh Gazá é chomh maithagus beidh sí ag lúbarnaíl le scéin;beidh Eacrón ar crith freisin,mar cuirfear a dóchas ó chrích.Díothófar rí Ghazáagus ní dhéanfar cónaí in Aiscileon feasta.
6 Lonnóidh pór measctha in Aisdeod,agus buailfidh mé an t‑uabhar as an bhFilistíneach.
7 Sracfaidh mé óna bhéalan fheoil a bhfuil an fhuil inti fós,agus sciobfaidh mé a ofrálacha gráinniúlaó idir a fhiacla.Lena chois sin déanfar iarmhar dár nDia de,agus beidh sé ina chlann in Iúdá;agus beidh Eacrón cosúil le Iabúsach.