14 Nochtfaidh an Tiarna os a gcionn.Seinnfidh a shaighead amach mar splanc thintrí;séidfidh an Tiarna Dia an stoc,agus réabfaidh sé leis ar aghaidhar stoirmeacha an deiscirt.
15 Cosnóidh Tiarna na Slua iad;dísceoidh siad [a naimhde]agus gabhfaidh siad de chosa sna clocha tabhaill.Ólfaidh siad agus tógfaidh siad racán,faoi mar a bheadh siad ar meisce le fíon;beidh siad chomh lán le babhla íobarthachomh smeartha le cúinní altóra.
16 An lá sin, sábhálfaidh an Tiarna, a nDia, iad,a phobal féin, mar thréad caorach.Óir beidh siad ag drithliú ar a thalamhamhail seoda corónach.
17 Nach maith an bhail a bheidh orthu go deimhin!Nach álainn a bheidh siad!Cuirfidh arbhar bláth ar na hógánaighagus cuirfidh fíon nua maise ar na maighdeana.