1 Mise Pól, aspal le hÍosa Críost de dheonú Dé, agus an bráthair Tiomóid. Beannaímid d'eaglais Dé i gCorant agus dá bhfuil de naoimh in Acháia ar fad.
2 Grásta agus síocháin chugaibh ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
3 Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, le hAthair gach trócaire agus le Dia an tsóláis uile.
4 Is é a thugann sólás dúinne cibé anacair a bheireann orainn, i dtreo go mbímid i riocht sólás a thabhairt do dhaoine eile a bhíonn in aon anacair leis an sólás lena bhfaighimid féin sólás ó Dhia.
5 Óir má fhaighimid flúirse de pheannaidí Chríost, faighimid flúirse sóláis ó Chríost chomh maith céanna.
6 Nuair a bhímid dár gcrá, is ar mhaithe le sólás agus slánú a bhuachan daoibhse é; agus nuair a fhaighimid sólás is geall le sólás daoibhse freisin é, mar go gcuireann sé ar bhur gcumas cur suas go foighneach leis na peannaidí céanna a bhíonn ag cur orainn féin.