2 Corantaigh 5 ABN

1 Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine.

2 Go deimhin fad a bhímid anseo, bímid ag tnúth go hosnaíoch lenár n‑áitreabh ar neamh a chur umainn mar bhrat,

3 agus nuair a bheidh sé sin curtha umainn ní bheimid nocht.

4 Sea, fad a bhímid i mboth an choirp bímid ag osnaíl go cloíte, ach ní hé is áil linn an corp saolta a bhaint dínn ach an corp eile a chur umainn lasmuigh de, ionas go slogfaí siar an rud básmhar ag an mbeatha.

5 Agus is é a réitigh ina chomhair seo leis féin sinn, Dia a thug dúinn an Spiorad i ngeall leis.

6 Bímid lán de mhisneach i gcónaí dá bhrí sin, cé go bhfuil a fhios againn fad atá ár gcónaí sa chorp go bhfuilimid ar deoraíocht ón Tiarna.

7 Mar is le creideamh a shiúlaimid bóthar an tsaoil seo agus ní le radharc na súl é.

8 Mar sin féin táimid lán de mhisneach cé go mb'fhearr linn go mór an corp a bheith fágtha againn agus bheith inár gcónaí leis an Tiarna.

9 Ach cibé acu sa bhaile leis a bhímid nó as baile uaidh, níl d'aidhm againn ach é a shásamh.

10 Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.

An Aspalacht i nGníomh

11 Tuigimid cad is eagla Dé ann agus déanaimid áiteamh dá réir ar dhaoine. Is follas do Dhia ár meon agus tá súil agam gur follas do bhur gcoinsias-sa freisin é.

12 Ní dár moladh féin libh arís atáimid ach ag iarraidh bun a thabhairt daoibh chun bheith bródúil asainn, d'fhonn is go mbeadh freagra agaibh orthu siúd a bhíonn bródúil as dreach an duine in áit bheith bródúil as a mheon.

13 Má táimid as ár meabhair, is ar son Dé é; má táimid inár gciall is ar mhaithe libhse é.

14 Is é grá Chríost atá dár dtiomáint ón uair a d'aithníomar go bhfuair aon duine amháin bás ar son cách uile agus dá réir sin go bhfuil an uile dhuine tar éis bháis.

15 Agus fuair sé bás ar son cách d'fhonn is nach ar mhaithe leo féin a mhairfeadh na beo feasta ach ar mhaithe leis an té sin a fuair bás ar a son agus a d'aiséirigh ó mhairbh.

16 As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.

17 Mar, aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaithe as an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha.

18 Is é Dia a thug an t‑iomlán i gcrích, mar is é a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí Chríost agus a d'fhág an t‑athmhuintearas ina chúram orainne.

19 Is é sin le rá go raibh Dia i gCríost ag tabhairt an domhain chun athmhuintearais leis féin, gan cionta na ndaoine a agairt orthu, agus gur fúinne a d'fhág sé fógairt an athmhuintearais sin.

20 Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.

21 Mar an té úd nárbh eol dó an peaca, rinne Dia peaca de ar mhaithe linne, d'fhonn go ndéanfaí dínne fíréantacht Dé ann.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13