2 Corantaigh 10 ABN

Pól á Chosaint Féin

1 Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.

2 Táim a iarraidh oraibh gan a thabhairt orm bheith dána nuair a thiocfaidh mé chugaibh agus feidhm a bhaint as an teanntas úd a mheasaim a úsáid in aghaidh daoine áirithe a cheapann gurb iad bealaí an tsaoil seo a leanaimid.

3 Mairimid sa saol, is fíor, ach ní de réir ghnás an tsaoil seo a fhearaimid cath.

4 Na hairm chogaidh a bheartaímid, ní airm shaolta iad ach airm a bhfuil cumas ó Dhia acu daingin a threascairt. Leagaimid ar lár leo argóintí

5 agus gach sórt móiréise a sheasann in aghaidh eolas Dé, agus déanaimid cime de gach smaoineamh d'fhonn é a chur faoi réir Chríost.

6 Agus táimid réidh chun gach saghas míréire a smachtú an túisce a bheidh sibhse faoi réir go hiomlán.

7 Féachaigí ar a bhfuil os comhair bhur súl. Aon duine a áitíonn air féin gur le Críost é, smaoiníodh sé arís ar an méid seo: gur le Críost sinne chomh maith céanna leis.

8 Má dhéanaim maíomh beagán thar fóir as ár gcuid údaráis - údarás a thug an Tiarna dúinn chun sibhse a thógáil agus ní chun sibh a leagan - ní bhfaighidh mé aon náire mar gheall air.

9 Ní maith liom go gceapfaí gur le litreacha amháin a dhéanaim bagairt.

10 “Bíonn a chuid litreacha daingean, feidhmiúil,” a deir daoine, “ach is dearóil an teacht i láthair atá ann agus tá a chuid urlabhra gan éifeacht.”

11 Tuigeadh a leithéid sin ina aigne go mbíonn ár mbeart ar an láthair ag cur leis an mbriathar a scríobhtar i bhfad uaibh.

12 Ní bheadh sé de dhánacht ionainn gan dabht sinn féin a chur i gcomórtas ná i gcoimheas le daoine áirithe a bhíonn á gcur féin i gcion. Ach ní maith an chiall dóibhsean iad féin a thomhas ná a mheas dá réir féin.

13 Nílimidne chun dul thar fóir leis an maíomh, áfach; fanfaimid laistigh den limistéar a leag Dia amach dúinn agus a shíneann chomh fada libhse.

14 Nílimid ag dul thar teorainn amhail is nach mbeimis tagtha comh fada libh, mar bhíomar ar na chéad daoine a thug dea-scéal Chríost chugaibh.

15 Nílimid ag dul thar cailc, más ea, agus ag maíomh as saothar daoine eile. Agus tá súil againn, de réir mar a mhéadaíonn ar bhur gcreideamhsa, go dtiocfaidh borradh agus fás ar an saothar a rinneamar in bhur measc laistigh dár limistéar féin,

16 agus go ndéanfaimid an dea-scéal a fhógairt thar bhur gcríocha amach agus nach mbeimid ag maíomh as an obair atá déanta cheana ag duine eile sa ghort a bhí leagtha amach dó.

17 “An té a bhfuil fonn maíte air, déanadh sé maíomh as an Tiarna,”

18 mar ní hé an fear a mholann é féin atá dea-mheasta ach an fear a molann Dia é.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13