21 Mar is é Dia a dhaingníonn sinne agus sibhse araon i gCríost; is é a d'ung sinn
22 agus a bhuail a stampa orainn agus a chuir geall an Spioraid inár gcroí.
23 Dearbhaím daoibh ar m'anam i bhfianaise Dé gur d'fhonn gan goilliúint oraibh a d'fhan mé gan teacht go dtí Corant go fóill.
24 Ní ag rialúchán ar bhur gcreideamh atáimid, mar tá sibh suite seasmhach sa chreideamh mar atá; ní hea, ach ag cabhrú libh chun bheith sonasach.