14 Ach cá hionadh sin, nuair a chuireann Sátan féin riocht an aingil ghil air féin?
15 Ní mór an ní é, dá bhrí sin, má théann a sheirbhísigh sin i riocht sheirbhísigh na fíréantachta. Bhéarfaidh críoch iad sin, áfach, a bheidh de réir a ngníomhartha.
16 Deirim arís é: ná tugadh aon duine meas amadáin ormsa. Ach más é sin an meas atá agaibh orm, glacaigí liom mar amadán go ndéanfaidh mé beagán mórtais chomh maith le cách.
17 Níl an méid a deirim á rá agam le húdarás an Tiarna ach le barr díth céille agus mé ag maíomh go teann.
18 Ós rud é go bhfuil mórán eile ag maíomh as a gcumas nádúrtha, déanfaidh mise maíomh chomh maith leo,
19 mar tá sibhse chomh stuama sin go gcuireann sibh suas go fonnmhar le hamadáin:
20 cuireann sibh suas, mar shampla, leis an duine a bhíonn ag déanamh giollaí díbh, nó ag déanamh foghla oraibh, nó ag teacht i dtír oraibh, nó ag cur gothaí air féin, nó ag tarraingt leiceadair oraibh.