19 mar tá sibhse chomh stuama sin go gcuireann sibh suas go fonnmhar le hamadáin:
20 cuireann sibh suas, mar shampla, leis an duine a bhíonn ag déanamh giollaí díbh, nó ag déanamh foghla oraibh, nó ag teacht i dtír oraibh, nó ag cur gothaí air féin, nó ag tarraingt leiceadair oraibh.
21 Is náir liom a admháil go bhfuilimidne rólag chun a leithéid a dhéanamh, ach aon ní a leomhfadh duine ar bith acu sin maíomh as - caint bhuile í seo - tá an maíomh céanna le déanamh agamsa.
22 An Eabhraigh iad? Is ea mise freisin. An Iosraelaigh iad? Is ea mise chomh maith. An sliocht Abrahám iad? Is ea mise chomh maith céanna.
23 An searbhóntaí do Chríost iad? Tá saochan céille anois orm ní foláir - ach is mó ná sin mise, mar is mó go mór a shaothraigh mé ná iad; ba mhinice i gcarcair mé: fuaireas léasadh gan áireamh agus ba mhinic mé i mbaol an bháis.
24 Cúig uair fuair mé na naoi mbuillí is tríocha ó na Giúdaigh.
25 Gabhadh de shlata orm faoi thrí agus gabhadh de chlocha orm aon uair amháin; longbhriseadh mé faoi thrí agus thug mé lá agus oíche san uisce.