26 Ba mhinic i mo shiúlta mé agus gur bhaol dom aibhneacha agus gur bhaol dom robálaithe; ba bhaol dom mo chine féin agus ba bhaol dom na gintlithe. Ba bhaol dom sa chathair agus ba bhaol dom faoin bhfásach; ba bhaol dom ar muir agus ba bhaol dom na bráithre bréige.
27 Ba mhinic ag saothar agus ag tiaráil mé agus ar easpa codlata; ba mhinic ocras agus tart orm agus mé gan bhia, gan teas, gan éadach.
28 Agus gan na nithe eile a bhac, bíonn cúram na n‑eaglaisí uile ina mhuirín laethúil orm.
29 Cé bhaintear dá threoir nach mbímse scólta mar gheall air?
30 Más éigean dom maíomh a dhéanamh, is as mo laigí féin a mhaífidh mé.
31 Tá a fhios ag Dia, ag Athair ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis nach aon bhréag atáim á rá:
32 i nDamaisc dom bhí ceannfort rí Aratas ag faire na cathrach chun mé a ghabháil;