29 Cé bhaintear dá threoir nach mbímse scólta mar gheall air?
30 Más éigean dom maíomh a dhéanamh, is as mo laigí féin a mhaífidh mé.
31 Tá a fhios ag Dia, ag Athair ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis nach aon bhréag atáim á rá:
32 i nDamaisc dom bhí ceannfort rí Aratas ag faire na cathrach chun mé a ghabháil;
33 ach scaoileadh anuas i gciseán mé trí fhuinneog san fhalla agus d'éalaigh mé uaidh.