1 Sea, is éigean dom maíomh a dhéanamh, cé nach aon tairbhe dom é, agus tráchtfaidh mé anois ar aislingí agus ar fhoilsithe an Tiarna.
2 Tá aithne agam ar fhear i gCríost agus ceithre bliana déag ó shin fuadaíodh é go harda na bhflaitheas. Níl a fhios agam cé acu bhí sé ina cholainn nó lasmuigh di - ag Dia amháin atá a fhios -
3 ach tá a fhios agam gur fuadaíodh an fear seo go Parthas - níl a fhios agamsa cé acu bhí sé ina cholainn nó lasmuigh dá cholainn, ag Dia atá a fhios -
4 agus gur chuala sé briathra diamhara nach ceadmhach don daonnaí a aithris.
5 Is as an duine sin a dhéanfaidh mé mórtas ach mórtas ar bith ní dhéanfaidh mé asam féin ach amháin as mo laigí.
6 Dá mba mhian liom mórtas a dhéanamh, áfach, níorbh aon mhórtas amadáin é mar nach mbeadh agam á insint ach an fhírinne ghlan. Ní dhéanfaidh mé amhlaidh, áfach, le heagla go mbeadh breis measa ag daoine orm thar a bhfeiceann siad ionam ná thar a gcloiseann siad uaim.
7 Agus le heagla go gcuirfeadh na foilsithe iontacha sin an iomarca éirí in airde orm, cuireadh bior sa bheo ionam, teachtaire ó Shátan chun mé a ghreadadh ar shlí nach dtiocfadh aon éirí in airde orm.