14 A bhuí le Dia a bhíonn i gcónaí dár seoladh ina mhórshiúl caithréimeach i gCríost agus ag leathadh eolais air trínár mbíthin i ngach áit mar a bheadh boladh cumhra ann.
15 Mar is cuma sinne nó cumhracht Chríost ag dul suas chun Dé i measc na ndaoine atá ar bhealach a slánaithe agus i measc na ndaoine atá ar bhealach a millte chomh maith;
16 do bhuíon acu is boladh marfach é a sheolann chun báis iad, agus don bhuíon eile is boladh beomhar é a sheolann iad chun na beatha. Agus cé atá in ann chun na hoibre seo?
17 Táimidne, mar ní ag mangaireacht bhriathar Dé a bhímidne dála a lán eile ach á fhógairt go dílis i gCríost i bhfianaise Dé, mar theachtaireacht ó Dhia.