7 Is é a mhalairt is córa daoibh a dhéanamh anois, is é sin maithiúnas agus sólás a thabhairt dó ar eagla go gcloífí é faoi iomad den bhrón.
8 Táim á iarraidh d'achainí oraibh dá bhrí sin bhur ngrá a chruthú dó.
9 Mar is chuige seo a scríobh mé chugaibh, chun sibh a thriail, féachaint an mbeadh sibh umhal i ngach ní.
10 An té a maitheann sibhse dó, maithimse dó chomh maith. Mar cibé ní a mhaith mise dó, is ar mhaithe libhse a rinne mé é i bhfianaise Chríost
11 ar eagla go bhfaigheadh Sátan buntáiste oraibh - agus is maith is eol dúinn a chleasa siúd.
12 Ar dhul dom go Tróas ag fógairt dea-scéal Chríost, cé go raibh doras ar leathadh ag an Tiarna romham,
13 mar sin féin ní raibh aon suaimhneas ar m'anam nuair nach bhfuair mé mo bhráthair Títeas ann romham. D'fhág mé slán acu dá bhrí sin agus d'imigh liom go dtí an Mhacadóin.