15 Sea, go dtí an lá inniu féin bíonn púicín anuas ar a n‑aigne nuair a bhíonn Maois á léamh dóibh,
16 ach “nuair a iompófar chun an Tiarna tógfar an púicín chun siúil.”
17 Is é an Tiarna an Spiorad, agus aon áit a mbíonn Spiorad an Tiarna bíonn saoirse ann.
18 Níl aon phúicín orainne, áfach; tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna.