2 Is sibhse ár litir chreidiúnais agus í scríofa ar ár gcroí agus í le haithint agus le léamh ag cách uile.
3 Is follas don saol gur litir ó Chríost sibh atá arna scríobh againne ach nach le dúch a scríobhadh í ach le Spiorad an Dé bheo, agus nach ar tháibhléid chloiche a greanadh í ach ar tháibhléid an chroí dhaonna.
4 Sin é an mhuinín atá againn as Dia i bpáirt le Críost.
5 Ní hé go dtig linn uainn féin aon ní a chur síos dár gcumas féin. Is ó Dhia ár gcumas
6 mar is é a chuir ar ár gcumas bheith inár maoir ar chonradh nua; ach ní conradh litreach é ach conradh sa Spiorad, mar is trúig bháis an litir scríofa ach is údar beatha an Spiorad.
7 An córas básmhar úd a bhí greanta i litreacha ar chloch, má tháinig sé ann faoi niamhracht chomh mór sin nár fhéad clann Iosrael stánadh san aghaidh ar Mhaois mar gheall ar a ghile a bhí sí, siúd is go raibh an ghile ag tréigean,
8 nach mó go mór an niamhracht a bheidh leis an gcóras spioradálta?