4 Sin é an mhuinín atá againn as Dia i bpáirt le Críost.
5 Ní hé go dtig linn uainn féin aon ní a chur síos dár gcumas féin. Is ó Dhia ár gcumas
6 mar is é a chuir ar ár gcumas bheith inár maoir ar chonradh nua; ach ní conradh litreach é ach conradh sa Spiorad, mar is trúig bháis an litir scríofa ach is údar beatha an Spiorad.
7 An córas básmhar úd a bhí greanta i litreacha ar chloch, má tháinig sé ann faoi niamhracht chomh mór sin nár fhéad clann Iosrael stánadh san aghaidh ar Mhaois mar gheall ar a ghile a bhí sí, siúd is go raibh an ghile ag tréigean,
8 nach mó go mór an niamhracht a bheidh leis an gcóras spioradálta?
9 Má bhí niamhracht ag gabháil le córas ár ndaortha, nach móide go mór go mbeadh niamhracht ag gabháil le córas ár bhfíréanaithe?
10 Go deimhin féin, le hais na niamhrachta thar barr seo, níl niamhracht ar bith anois sa rud a bhí chomh niamhrach sin tráth.