11 Fad is beo sinn bímid dár dtabhairt suas chun báis de shíor ar son Íosa, ionas go mbeadh beatha Íosa soiléir le feiceáil inár gcolainn bhásmhar.
12 Dá réir sin is é an bás atá ag obair ionainne fad atá an bheatha ag obair ionaibhse.
13 Ach tá againne an spiorad céanna úd an chreidimh atá luaite sa scrioptúr: “Chreid mé agus labhair mé dá réir.” Creidimidne chomh maith agus labhraímid dá réir,
14 mar go bhfuil a fhios againn, an té úd a thóg an Tiarna Íosa ó mhairbh, go dtógfaidh sé sinne mar aon le Íosa, agus go seolfaidh sé sinne agus sibhse araon ina láthair.
15 Is ar mhaithe libhse é seo ar fad i dtreo, nuair a leathfaidh grásta Dé i measc breis daoine, go mbeidh breis buíochais chun glóire Dé.
16 Sin é an fáth nach loicimid choíche. Más ea féin go bhfuilimid ag meathlú ar an taobh amuigh, tá an taobh istigh á athnuachan ó lá go lá.
17 An buaireamh beag gearrshaolach seo atá orainn, tá ualach as cuimse den ghlóir bhithbhuan á thuilleamh aige dúinn.