5 Ní dár bhfógairt féin atáimid ach ag fógairt Íosa Críost ina Thiarna agus gan ionainne ach seirbhísigh daoibhse ar son Íosa.
6 An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.
7 Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d'fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í.
8 Bítear dár gciapadh ó gach taobh ach nílimid teanntaithe; bímid i gcruachás ach nílimid in éadóchas;
9 bítear dár ngéarleanúint ach nílimid tréigthe; bítear dár síneadh ach nílimid díscithe.
10 Bíonn bás Íosa ar iompar inár gcorp againn de shíor ar shlí go mbeadh beatha Íosa le feiceáil inár gcorp chomh maith.
11 Fad is beo sinn bímid dár dtabhairt suas chun báis de shíor ar son Íosa, ionas go mbeadh beatha Íosa soiléir le feiceáil inár gcolainn bhásmhar.