7 le fógairt na fírinne agus le cumhacht Dé; bíonn an fhíréantacht ina harm cosanta agus ina harm ionsaithe againn;
8 bíonn meas orainn agus drochmheas, clú agus míchlú. Bíonn ainm na bréige orainn cé go bhfuilimid fíor.
9 Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis.
10 Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.
11 Tá labhartha againn go hoscailte libh, a mhuintir Choraint; tá ár gcroí ar leathadh romhaibh
12 agus gan aon easpa slí ann daoibh. In bhur gcroí féin atá an chúngracht.
13 Díolaigí an comhar linn, a chlann ó, agus bígí chomh hoscailte céanna.