1 Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.
2 Déanaigí áit dúinn in bhur gcroí. Ní dhearnamar éagóir ná dochar ná calaois ar dhuine ar bith agaibh.
3 Ní á chasadh libh atáim, mar tá ráite agam cheana libh go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam chun bás nó beatha a fháil liom ann.
4 Is mór í m'iontaoibh asaibh agus is mór é mo bhród. Agus ainneoin mo chuid anacra táim lán de shólás agus ag cur thar maoil le háthas.
5 Ar theacht dúinn chun na Macadóine ní raibh aon suaimhneas le fáil ag ár gcolainn ach crosa ar gach taobh, achrann ón taobh amuigh agus imní ón taobh istigh.
6 Ach an Dia a thugann sólás do na huirísle, thug sé sólás dúinne nuair a tháinig Títeas ar an láthair.
7 Agus níorbh é a theacht sin amháin a chuir misneach orainn ach an spreagadh a bhí faighte aige uaibhse chomh maith; thug sé cuntas dom ar a mhéid a bhí sibh ag tnúth liom, ar an mbrón a bhí oraibh agus ar a dhíograisí a bhí sibh dom, rud a chuir go mór le mo lúcháir.