3 Ní á chasadh libh atáim, mar tá ráite agam cheana libh go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam chun bás nó beatha a fháil liom ann.
4 Is mór í m'iontaoibh asaibh agus is mór é mo bhród. Agus ainneoin mo chuid anacra táim lán de shólás agus ag cur thar maoil le háthas.
5 Ar theacht dúinn chun na Macadóine ní raibh aon suaimhneas le fáil ag ár gcolainn ach crosa ar gach taobh, achrann ón taobh amuigh agus imní ón taobh istigh.
6 Ach an Dia a thugann sólás do na huirísle, thug sé sólás dúinne nuair a tháinig Títeas ar an láthair.
7 Agus níorbh é a theacht sin amháin a chuir misneach orainn ach an spreagadh a bhí faighte aige uaibhse chomh maith; thug sé cuntas dom ar a mhéid a bhí sibh ag tnúth liom, ar an mbrón a bhí oraibh agus ar a dhíograisí a bhí sibh dom, rud a chuir go mór le mo lúcháir.
8 Más ea féin gur chuir mé brón oraibh leis an litir úd agam, níl aon aiféala orm faoi. Nó má bhí aiféala orm tuigim gur ghoill an litir sin oraibh d'ala na huaire,
9 tá áthas anois orm, ní de chionn go raibh sibhse buartha ach de chionn gur thug an bhuairt chun aithrí sibh. Bhí bhur mbuairt de réir thoil Dé agus dá bhrí sin ní raibh sibh aon ní chun deiridh linne.