5 Mheas mé dá bhrí sin nár mhór dom a iarraidh ar na bráithre dul ag triall oraibh romham agus an deontas a bhí geallta agaibh a eagrú roimh ré i dtreo go mbeadh sé réidh i mo chomhair agus é ina dheontas fial in áit a bheith ina ainchíos.
6 Seo mar atá an scéal: an té a chuireann an síol go gann, is gann an fómhar a bhainfidh, ach an té a chuireann go fairsing, bainfidh sé fómhar fairsing.
7 Déanadh gach duine dá bhrí sin mar a bhí beartaithe ina chroí aige, agus déanadh sé sin gan doicheall gan éigean mar is geal le Dia an té a thugann go fáilteach.
8 Tá ar chumas Dé gach tabhartas a bhronnadh go fairsing oraibh, i dtreo go mbeadh lán bhur ndóthain agaibh den uile shórt i gcónaí agus fuílleach i gcomhair gach dea-chúise,
9 de réir mar atá scríofa: “Roinn sé go fial ar na boicht, mairfidh a mhaoin go deo.”
10 An té úd a sholáthraíonn síol don síoladóir agus a thugann arán le hithe, soláthróidh sé an síol daoibhse chomh maith; méadóidh sé an síol agus iomadóidh sé torthaí bhur bhfíréantachta.
11 Beidh sibh saibhir bhur ndóthain i gcónaí chun bheith fial le cách agus beidh ár mbuíochas dá bharr sin ar Dhia.