6 Seo mar atá an scéal: an té a chuireann an síol go gann, is gann an fómhar a bhainfidh, ach an té a chuireann go fairsing, bainfidh sé fómhar fairsing.
7 Déanadh gach duine dá bhrí sin mar a bhí beartaithe ina chroí aige, agus déanadh sé sin gan doicheall gan éigean mar is geal le Dia an té a thugann go fáilteach.
8 Tá ar chumas Dé gach tabhartas a bhronnadh go fairsing oraibh, i dtreo go mbeadh lán bhur ndóthain agaibh den uile shórt i gcónaí agus fuílleach i gcomhair gach dea-chúise,
9 de réir mar atá scríofa: “Roinn sé go fial ar na boicht, mairfidh a mhaoin go deo.”
10 An té úd a sholáthraíonn síol don síoladóir agus a thugann arán le hithe, soláthróidh sé an síol daoibhse chomh maith; méadóidh sé an síol agus iomadóidh sé torthaí bhur bhfíréantachta.
11 Beidh sibh saibhir bhur ndóthain i gcónaí chun bheith fial le cách agus beidh ár mbuíochas dá bharr sin ar Dhia.
12 Mar an tseirbhís naofa seo atá idir lámha againn, ní hé amháin go bhfuil sí ag soláthar riar a gcáis do na naoimh ach tá rabharta buíochais á thuilleamh chomh maith aici do Dhia.