Colosaigh 1 ABN

Beannú

1 Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé, agus an bráthair Tiomóid -

2 guímid beannacht ar an bpobal naofa i gColosae, ar na bráithre dílse i gCríost. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair.

Buíochas le Dia

3 Gach uair dá mbímid ag guí, gabhaimid buíochas le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, mar gheall oraibh,

4 mar tá iomrá cloiste againn ar bhur gcreideamh in Íosa Críost agus ar an ngrá atá agaibh don phobal naofa go huile

5 toisc súil a bheith agaibh lena bhfuil in áirithe daoibh sna flaithis. Chuala sibh iomrá ar an luach saothair seo don chéad uair i dteachtaireacht na fírinne, is é sin sa dea-scéal

6 a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toradh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige á dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre.

7 Is é múinteoir a bhí agaibh ár gcomhsclábha ionúin féin, Eipeafras, searbhónta dílis do Chríost agus fear ionaid dúinne;

8 agus is é a chuir síos dúinn chomh maith ar an ngrá atá ionaibhse faoi luí an Spioraid.

Guí Phóil

9 Sin é an fáth, ón lá a chualamar an scéal, nár stadamar ach ag guí oraibh, á iarraidh go líonfaí sibh d'eolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta,

10 ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n‑eolas ar Dhia;

11 go gcuirfeadh a neart glórmhar ar bhur gcumas cur suas go foighneach le gach ní

12 agus go mbeadh sibh go lúcháireach ag gabháil buíochais leis an Athair a dheonaigh daoibh a bheith páirteach in oidhreacht an phobail naofa sa solas

13 agus a d'fhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus d'aistrigh isteach sinn i ríocht a mhic mhuirnigh.

14 Is tríd an Mac sin atá ár bhfuascailt le fáil, is é sin, maithiúnas na bpeacaí.

Gradam Chríost

15 Is íomhá den Dia dofheicthe éagus céadghin gach dúile cruthaithe

16 mar is trídsean a cruthaíodha bhfuil ar neamh agus ar talamhbídís sofheicthe nó dofheicthe,idir Thróin agus Thiarnaisidir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí.Is trídsean agus dósan a cruthaíodh an t‑iomlán.

17 Tá tosach aige orthu uileagus is ann a choinnítear ar bun iad.

18 Is é ceann an choirp é,ceann na hEaglaise.Is é an tús é,an chéadghin ó mhairbhi dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.

19 Mar is ann ab áille lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,

20 agus is trídsean ab áil leisgach a bhfuil ar neamh agus ar talamha thabhairt chun athmhuintearais leis féin,agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.

21 Tráth dá raibh, bhí sibhse féin in earraid [le Dia] agus naimhdeach dó in bhur n‑aigne, de dheasca bhur ndrochghníomhartha;

22 ach tá athmhuintearas déanta aige anois libh trína bhás ina chorp collaí d'fhonn sibh a thabhairt ina láthair go naofa gan cháim gan locht.

23 Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.

Saothar Phóil

24 Is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais.

25 Rinneadh maor ar an Eaglais díomsa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé á fhógairt ina iomláine:

26 an rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta agus na nglún, ach atá nochta anois dá phobal naofa.

27 Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibhsean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh.

28 Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d'fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.

29 Is chuige sin chomh maith a bhímse ag obair ar mo dhícheall leis an bhfuinneamh uaidh atá ag oibriú go tréan ionam.

Caibidlí

1 2 3 4