Colosaigh 4 ABN

1 A mháistrí, caithigí go cóir cothrom le bhur ndaoir. Bíodh a fhios agaibh go bhfuil máistir agaibh féin ar neamh.

2 Bígí ag guí gan staonadh; bígí ag faire lena linn agus ag gabháil buíochais le Dia.

3 Agus déanaigí guí orainne chomh maith, a iarraidh ar Dhia bealach a réiteach dúinn chun a bhriathar a leathadh agus chun rúndiamhair Chríost a fhógairt. Ós é an rúndiamhair sin faoi deara dom bheith i ngéibheann,

4 guígí Dia go ndéanfaidh mé í a nochtadh chomh soiléir agus is cuí dom í a fhógairt.

5 Bígí críonna in bhur gcaidreamh leis na díchreidmhigh agus bainigí leas iomlán as an deis atá agaibh.

6 Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfadh sibh an freagra pras a thabhairt do chách.

Beannachtaí

7 Tabharfaidh an bráthair ionúin Tichíceas tuairisc iomlán daoibh ar mo chúrsaíse. Seirbhíseach dílis is ea é agus comhsclábha domsa sa Tiarna

8 agus táim á sheoladh chugaibh d'aon ghnó chun fios mo cháis a thabhairt daoibh agus misneach a chur ar bhur gcroí.

9 Agus beidh lena chois an bráthair dílis ionúin, Onaesamas, fear de bhur mbuíon féin. Inseoidh siadsan daoibh a bhfuil ag titim amach anseo.

10 Cuireann mo chomhchime, Arastarchas, a bheannacht chugaibh agus Marcas, col ceathrar Bharnabas, chomh maith. Fuair sibh treoracha uaim cheana féin faoi Mharcas agus fáiltígí roimhe má thagann sé.

11 Cuireann Íosa, dá ngairtear Iústas, a bheannacht chugaibh freisin. Sin iad na haon daoine de lucht an timpeallghearrtha atá ag cabhrú liom chun ríocht Dé a leathadh agus is sólás dom iad.

12 Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, á iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comhlíonadh toil Dé go hiomlán.

13 Geallaimse daoibh gurb é atá ag obair go dian ar bhur son agus ar son mhuintir Láoidícéa agus Hiarapoil.

14 Cuireann an dochtúir lách, Lúcás, agus Déamas, a mbeannacht chugaibh mar an gcéanna.

15 Tugaigí mo bheannachtsa do na bráithre i Láoidícéa agus do Numfa agus don eaglais a thagann le chéile ina teach.

16 Agus nuair a bheidh an litir seo léite agaibh, tugaigí do bhur n‑aire go léifear in eaglais Láoidícéa í chomh maith agus go léifidh sibhse an litir a chuirfear chugaibh ó Láoidícéa.

17 Agus abraigí é seo le hAirchipeas: “Féach chuige go dtabharfaidh tú chun críche an cúram a fuair tú le déanamh sa Tiarna.”

18 Beannacht oraibh faoi mo láimh féin - Pól. Ná déanaigí dearmad ar mo shlabhraí. Grásta go raibh agaibh.

Caibidlí

1 2 3 4