18 Is é ceann an choirp é,ceann na hEaglaise.Is é an tús é,an chéadghin ó mhairbhi dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.
19 Mar is ann ab áille lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,
20 agus is trídsean ab áil leisgach a bhfuil ar neamh agus ar talamha thabhairt chun athmhuintearais leis féin,agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.
21 Tráth dá raibh, bhí sibhse féin in earraid [le Dia] agus naimhdeach dó in bhur n‑aigne, de dheasca bhur ndrochghníomhartha;
22 ach tá athmhuintearas déanta aige anois libh trína bhás ina chorp collaí d'fhonn sibh a thabhairt ina láthair go naofa gan cháim gan locht.
23 Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.
24 Is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais.