25 Rinneadh maor ar an Eaglais díomsa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé á fhógairt ina iomláine:
26 an rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta agus na nglún, ach atá nochta anois dá phobal naofa.
27 Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibhsean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh.
28 Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d'fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.
29 Is chuige sin chomh maith a bhímse ag obair ar mo dhícheall leis an bhfuinneamh uaidh atá ag oibriú go tréan ionam.