4 mar tá iomrá cloiste againn ar bhur gcreideamh in Íosa Críost agus ar an ngrá atá agaibh don phobal naofa go huile
5 toisc súil a bheith agaibh lena bhfuil in áirithe daoibh sna flaithis. Chuala sibh iomrá ar an luach saothair seo don chéad uair i dteachtaireacht na fírinne, is é sin sa dea-scéal
6 a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toradh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige á dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre.
7 Is é múinteoir a bhí agaibh ár gcomhsclábha ionúin féin, Eipeafras, searbhónta dílis do Chríost agus fear ionaid dúinne;
8 agus is é a chuir síos dúinn chomh maith ar an ngrá atá ionaibhse faoi luí an Spioraid.
9 Sin é an fáth, ón lá a chualamar an scéal, nár stadamar ach ag guí oraibh, á iarraidh go líonfaí sibh d'eolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta,
10 ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n‑eolas ar Dhia;