3 is é sin, ar Chríost a bhfuil stóir uile na heagna agus an eolais i bhfolach ann.
4 Táim á rá sin libh le heagla go gcuirfeadh duine éigin an dubh ina gheal oraibh le hargóintí mealltacha.
5 Mar, más ea féin go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, táim faraibh sa spiorad, agus is cúis áthais dom sibh a fheiceáil in ord agus in eagar, agus a dhaingne atá bhur gcreideamh i gCríost.
6 Mar sin de, ós rud é go bhfuil glactha agaibh le Íosa Críost mar Thiarna, tugaigí bhur saol i bpáirt leis.
7 Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar a múineadh daoibh é, agus bígí lán de bhuíochas.
8 Bígí aireach, áfach, le heagla go mbuailfeadh aon duine bob oraibh leis an bhfealsúnacht bhaoth mhealltach úd a leanann traidisiúin dhaonna agus atá bunaithe ar phrionsabail an tsaoil in áit a bheith bunaithe ar Chríost.
9 Mar is i gCríost atá iomláine Dé ina chónaí go corpartha