14 Agus mar bharr ar gach ní acu sin cuirigí umaibh an grá mar is é a chuirfidh bail agus críoch ar an iomlán.
15 Agus bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroí mar is chun síocháin a bheith agaibh a glaodh sibh le chéile in aon chorp amháin. Agus bígí buíoch.
16 Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.
17 Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t‑iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd.
18 A mhná, bígí faoi smacht bhur bhfear céile mar is dual sa Tiarna.
19 A fheara, bíodh grá agaibh do bhur mná agus gan bheith garg leo.
20 A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí i ngach ní mar is taitneamhach sin leis an Tiarna.