18 A mhná, bígí faoi smacht bhur bhfear céile mar is dual sa Tiarna.
19 A fheara, bíodh grá agaibh do bhur mná agus gan bheith garg leo.
20 A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí i ngach ní mar is taitneamhach sin leis an Tiarna.
21 A aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chrá le heagla go gcuirfí drochmhisneach orthu.
22 A dhaora, bígí umhal i ngach ní do bhur máistrí daonna. Ná bígí ag súilseirbhís ar nós lucht na lútála, ach ag obair le dea-chroí, le hurraim don Tiarna.
23 Cibé rud a bhíonn sibh a dhéanamh, oibrígí le fonn faoi mar gur don Tiarna agus nach do dhaoine a bheadh sibh á dhéanamh,
24 ó tá a fhios agaibh go bhfaighidh sibh an oidhreacht mar chúiteamh ón Tiarna; is don Tiarna Críost atá sibh ag seirbhís.