11 Cuireann Íosa, dá ngairtear Iústas, a bheannacht chugaibh freisin. Sin iad na haon daoine de lucht an timpeallghearrtha atá ag cabhrú liom chun ríocht Dé a leathadh agus is sólás dom iad.
12 Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, á iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comhlíonadh toil Dé go hiomlán.
13 Geallaimse daoibh gurb é atá ag obair go dian ar bhur son agus ar son mhuintir Láoidícéa agus Hiarapoil.
14 Cuireann an dochtúir lách, Lúcás, agus Déamas, a mbeannacht chugaibh mar an gcéanna.
15 Tugaigí mo bheannachtsa do na bráithre i Láoidícéa agus do Numfa agus don eaglais a thagann le chéile ina teach.
16 Agus nuair a bheidh an litir seo léite agaibh, tugaigí do bhur n‑aire go léifear in eaglais Láoidícéa í chomh maith agus go léifidh sibhse an litir a chuirfear chugaibh ó Láoidícéa.
17 Agus abraigí é seo le hAirchipeas: “Féach chuige go dtabharfaidh tú chun críche an cúram a fuair tú le déanamh sa Tiarna.”