14 Agus rinneadh feoil den Bhriatharagus chónaigh sé inár measc,agus chonacamar-na a ghlóir,a ghlóir mar Aonghin ón Athair,lán de ghrásta agus d'fhírinne.
15 Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobhagus glaonn in ard a ghutha:“É seo an té a ndúirt mé faoi:‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh,tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’ ”
16 Óir ghlacamar uile as a lánmhaireacht,sea, grásta ar ghrásta.
17 Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois,ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.
18 Ní fhaca aon duine riamh Dia.An tAonghin atá i gcochall chroí Dé,eisean a d'aithris.
19 Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de:
20 “Cé hé thusa?” D'admhaigh sé agus níor shéan agus d'admhaigh sé: “Ní hé an Críost mé.”