Eoin 5 ABN

Leigheas ar an tSabóid

1 Ina dhiaidh sin tharla féile de chuid na nGiúdach agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim.

2 Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar Béatsata san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid.

3 Iontusan sin bhí slua mór de dhaoine tinne - daill agus bacaigh agus pairilísigh ina luí (ag feitheamh le corraí an uisce.

4 Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uaire sa linn agus chorraíodh sé an t‑uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air).

5 Bhí aon duine amháin ann agus a ghalar air le hocht mbliana déag ar fhichid.

6 Nuair a chonaic Íosa an duine seo ina luí ansiúd agus a fhios aige go raibh mórán ama caite aige ann, dúirt sé leis: “Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?”

7 “A dhuine uasail,” arsa an t‑easlán leis á fhreagairt, “níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t‑uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham.”

8 Dúirt Íosa leis: “Éirigh, tóg do shráideog agus siúil.”

9 Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis.

10 Bhí an tsabóid ann an lá sin más ea. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá leis an té a leigheasadh: “Tá sé ina shabóid, agus ní ceadmhach duit do shráideog a iompar.”

11 D'fhreagair sé iad: “An té a rinne slán mé, dúirt sé liom: ‘Tóg do shráideog agus siúil.’ ”

12 D'fhiafraigh siad de ansin: “Cé hé an duine a dúirt leat: ‘Tóg do shráideog agus siúil’?”

13 Ach ní raibh a fhios ag an té a leigheasadh cérbh é, mar bhí Íosa imithe i leataobh ón slua a bhí cruinnithe san áit.

14 Fuair Íosa ina dhiaidh sin é sa Teampall agus dúirt leis: “Féach, tá tú leigheasta. Ná déan peaca feasta le heagla go mbainfeadh rud éigin níos measa duit.”

15 D'imigh an duine agus d'inis sé do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é.

16 Is dá bharrsan a bhí na Giúdaigh ag géarleanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid.

17 Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá m'Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.”

18 Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.

19 Thug Íosa freagra:“Amen, Amen, a deirim libh,ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féinmura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair.Cibé nithe a dhéanann an tAthair,déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.

20 Óir tá cion ag an Athair ar an Macagus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin,agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seoi dtreo go mbeidh ionadh oraibhse.

21 Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbhagus iad a dhéanamh beo,mar an gcéanna déanann an Mac beoan mhuintir is toil leis;

22 mar ní thugann an tAthair breith ar aon duineach thug sé an uile bhreith dá Mhac,

23 i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac,mar a thugann siad don Athair.An té nach dtugann onóir don Mhacní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.

24 Amen, Amen, a deirim libh,an té a éisteann le mo bhriathar,agus a chreideann an té a chuir uaidh mé,tá an bheatha shíoraí aige;ní thagann sé chun breithiúnais,ach tá sé dulta ó bhás go beatha.

25 Amen, Amen, a deirim libh,tá an uair ag teacht - tá sí ann cheana -nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Déagus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad.

26 Óir faoi mar atá beatha ag an Athair ann féin,thug sé don Mhac mar an gcéannabeatha a bheith ann féin aige,

27 agus thug sé údarás dóbreithiúnas a dhéanamhde bhrí gurb é Mac an Duine é.

28 Ná déanaigí ionadh den mhéid sin,óir tá an uair ag teacht,a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaíglór Mhac Dé,

29 agus tiocfaidh siad amach -iad seo a rinne an mhaithchun aiséirí na beatha,agus iad seo a rinne an t‑olcchun aiséirí an bhreithiúnais.

30 Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin.De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnasagus is cóir í mo bhreith,óir ní hí mo thoil féin a shantaímach toil an té a chuir uaidh mé.

31 Dá dtabharfainn fianaise orm féinní bheadh m'fhianaise iontaofa.

32 Tá neach eile ann a thugann fianaise orm,agus tá a fhios agam gur iontaofa an fhianaisea thugann sé orm.

33 Chuir sibh teachtairí ag triall ar Eoinagus thug sé fianaise ar an bhfírinne.

34 Ní hé go nglacaimse fianaise ó dhaoine,ach tá na nithe seo á rá agam chun go slanófaí sibh.

35 Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd,agus níor mhiste libhse ar feadh tamailláthas a fháil ina sholas.

36 Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin.Óir na hoibreacha a thug m'Athair dom le cur i gcrích,na hoibreacha sin féin a dhéanaim,tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.

37 An tAthair féin a chuir uaidh mé,thug sé fianaise orm.Níor chuala sibh riamh a ghuthná ní fhaca sibh a dheilbh,

38 agus níl a bhriathar agaibh ag lonnú ionaibh,mar ní chreideann sibh sa té a chuir seisean uaidh.

39 Déanann sibh na scrioptúir a spiúnadhmar gur dóigh libh go bhfuilan bheatha shíoraí agaibh iontu:agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa,

40 ach ní áil libh teacht chugam i dtreo go mbeadh beatha agaibh.

41 Ní ghabhaim glóir ó dhaoine.

42 Ach tá aithne agam oraibh,nach bhfuil grá Dé agaibh ionaibh.

43 Tháinig mise in ainm m'Athar,agus ní ghlacann sibh mé;má thagann duine eile ina ainm féin,glacfaidh sibh eisean.

44 Conas a b'fhéidir daoibh creidiúint,agus glóir á glacadh agaibh óna chéilegan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin.

45 Ná measaigí go bhfuilimchun sibh a chúisiúi láthair an Athar;tá duine do bhur gcuisiú -Maois, an té a bhfuil muinín agaibh as.

46 Dá gcreidfeadh sibh Maois,chreidfeadh sibh mise,óir is i mo thaobhsa a scríobh seisean.

47 Mura gcreideann sibh a scríbhinní-sean,conas a chreidfidh sibh mo bhriathar-sa?

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21