1 Agus chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg.
2 Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.
3 Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis:
4 “A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais.
5 D'ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?”
6 Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh.
7 Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d'éirigh sé suas agus dúirt leo: “An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.”
8 Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar an talamh.
9 Arna chlos sin dóibh d'imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill.
10 D'éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: “A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?”
11 “Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí. Dúirt Íosa léi: “Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”]
12 Labhair Íosa leo arís más ea:“Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil.An té a leanfaidh mise,ní shiúlfaidh sé sa dorchacht,ach beidh aige solas na beatha.”
13 Dúirt na Fairisínigh leis ansin: “Tá tú ag tabhairt fianaise i do thaobh féin; níl d'fhianaise iontaofa.”
14 D'fhreagair Íosa:“Cé go bhfuil mé ag tabhairt fianaise i mo thaobh féin,is iontaofa í m'fhianaise,óir is eol dom cad as ar tháinig méagus cá bhfuil mo thriall.Ach ní eol daoibhsecad as ar tháinig ménó cá bhfuil mo thriall.
15 Tugann sibhse breith de réir na colainne;ní thugaimse breith ar aon duine.
16 Má thugaimse breith, is cóir í mo bhreith,óir ní i m'aonar atáim,ach mé féin agus an tAthair a chuir uaidh mé.
17 Agus tá sé scríofa in bhur ndlígo bhfuil fianaise beirte iontaofa.
18 Tugaimse fianaise i mo thaobh féin,agus tugann an tAthair a chuir uaidh méfianaise i mo thaobh.”
19 Dúirt siad leis ansin: “Cá bhfuil d'Athair?” D'fhreagair Íosa:“Níl aithne agaibh ormsa ná ar m'Athair.Dá mbeadh aithne agaibh ormsa,bheadh aithne agaibh ar m'Athair chomh maith.”
20 Labhair sé na focail seo taobh leis an gciste agus é ag teagasc sa Teampall. Níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.
21 Dúirt Íosa leo arís:“Tá mé ag imeachtagus beidh sibh ar mo lorg,agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca.An áit ina bhfuilim ag dul,ní féidir daoibhse teacht.”
22 Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar á rá: “An amhlaidh go maróidh sé é féin ós rud é go ndúirt sé: ‘An áit ina bhfuilimse ag dul, ní féidir daoibhse teacht ann’?”
23 Lean sé air:“Is ón áit thíos sibhse,” ar sé leo,“is ón áit thuas mise.Is den saol seo sibhse,ní den saol seo mise.
24 Uime sin a dúirt mé libh:‘Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.’Mura gcreideann sibh gur mise é,Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.”
25 Dúirt siad leis ansin: “Cé hé thú féin?” Dúirt Íosa leo:“Cén fáth a bhfuilim ag caint libh ar aon chor?
26 Tá a lán agam le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh.Ach is fíor é an té a chuir uaidh méagus na nithe a chuala mé uaidhis iad a labhraím sa saol.”
27 Níor thuig siad go raibh sé ag tagairt don Athair sa chaint sin leo. Dúirt Íosa leo ansin:
28 “Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine,ansin beidh a fhios agaibh gur mise é,agus nach ndéanaim aon ní uaim féin,ach gur mar a theagasc an tAthair doma labhraím na nithe seo.
29 An té a chuir uaidh mé,tá sé in éineacht liom.Níor fhág sé i m'aonar mé,óir déanaim i gcónaína nithe is taitneamhach leis.”
30 Chreid a lán ann agus na nithe sin á rá aige.
31 Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann:“Má fhanann sibh ar mo bhriathar,beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre,
32 agus beidh fios na fírinne agaibh,agus saorfaidh an fhírinne sibh.”
33 D'fhreagair siad é: “De shíol Abrahám sinne é, agus ní rabhamar inár ndaoir ag aon duine riamh. Conas go ndeir tú: ‘Saorfar sibh’?” D'fhreagair Íosa iad:
34 “Amen, Amen, a deirim libh,gach duine a dhéanann peaca,tá sé in a dhaor ag an bpeaca.
35 Ní fhanann an daor sa teach de shíor,ach fanann an mac de shíor.
36 Má shaorann an mac sibh dá bhrí sinbeidh sibh saor dáiríre.
37 Tá a fhios agam gur de shíol Abrahám sibh,ach tá sibh ag iarraidh mise a mharú,mar ní fhaigheann mo bhriathar slí ionaibh.
38 Insím daoibhse na nithe a chonaic mé fara m'Athair.Ach déanann sibhse na nithe a chuala sibhó bhur n‑athair.”
39 D'fhreagaír siad agus dúirt leis: “Is é Abrahám ár n‑athair.” Dúirt Íosa leo:“Más clann d'Abrahám sibh,déanaigí mar a rinne Abrahám.
40 Ach anois tá sibh ag iarraidh mise a mharú,duine a labhair an fhírinne libh,faoi mar a chuala í ó m'Athair.Ní dhearna Abrahám é sin.
41 Déanann sibhse obair bhur n‑athar féin.”Dúirt siad leis: “Níor gineadh sinne ó dhrúis. Aon athair amháin atá againn, Dia.”
42 Dúirt Íosa leo:“Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh domsa.Óir is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé;mar ní uaim féin a tháinig mé,ach chuir seisean uaidh mé.
43 Cén fáth nach dtuigeann sibh mo chaint?De bhrí nach féidir daoibh mo bhriathar a chlos.
44 Is ón diabhal, mar athair, sibhseagus is iad mianta bhur n‑athara theastaíonn uaibh a dhéanamh.Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús,agus níor sheas sé san fhírinne,mar níl aon fhírinne ann.Nuair a labhraíonn sé an bhréaglabhraíonn sé as a stór féin,mar is bréagaire éagus is é athair an bhréagaire é.
45 Ach de bhrí go labhraímse an fhírinne,ní chreideann sibhse mé.
46 Cén duine agaibha dhéanfaidh mé a chiontú in éagóir?Má labhraím an fhírinne,cén fáth nach gcreideann sibh mé?
47 An té is ó Dhia, éisteann sé le briathra Dé.Is é fáth nach n‑éisteann sibhse,de bhrí nach ó Dhia sibh.”
48 D'fhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: “Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?” D'fhreagair Íosa:
49 “Níl aon deamhan ionam,ach tugaim onóir do m'Athairagus tugann sibhse easonóir dom.
50 Ní ag lorg mo ghlóire féin atáim;tá Neach a lorgaíonn m'onóir agus a thugann breith.
51 Amen, Amen, a deírim libh,má choinníonn aon duine mo bhriatharsaní fheicfidh sé bás choíche.”
52 Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’
53 An ea gur mó thusa ná ár n‑athair Abrahám atá marbh? Agus na fáithe freisin, tá siad marbh. Cé tá tú a dhéanamh díot féin?”
54 D'fhreagair Íosa:“Dá mbeinn féin do mo ghlóiriú féin,ba neamhní mo ghlóir.Is é m'Athair a dhéanann mé a ghloiriú,an té a ndeir sibhse mar gheall air:‘Is é ár nDia é.’
55 Ach níl aithne agaibh air.Tá aithne agamsa air, áfach.Dá ndéarfainn: ‘Níl aithne agam air,’bheinn cosúil libhse, bréagach.Ach tá aithne agam air,agus coinním a bhriathar.
56 Rinne Abrahám bhur n‑athair lúcháirgo bhfeicfeadh sé mo lá-sa.Chonaic, agus bhí áthas air.”
57 Ansin dúirt na Giúdaigh leis: “Níl tú caoga bliain d'aois fós agus an bhfaca tú Abrahám?”
58 Dúirt Íosa leo:“Amen, Amen, a deirim libh,sula raibh Abrahám ann,táimse ann.”
59 Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d'fholaigh Íosa é féin agus d'imigh amach as an Teampall.