16 Óir ghlacamar uile as a lánmhaireacht,sea, grásta ar ghrásta.
17 Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois,ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.
18 Ní fhaca aon duine riamh Dia.An tAonghin atá i gcochall chroí Dé,eisean a d'aithris.
19 Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de:
20 “Cé hé thusa?” D'admhaigh sé agus níor shéan agus d'admhaigh sé: “Ní hé an Críost mé.”
21 D'fhiafraigh siad de: “Cad eile, más ea? An tú Éilias?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus d'fhreagair: “Ní mé.”
22 Dúirt siad leis mar sin: “Cé hé thú? - chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?”