24 Ó na Fairisínigh a ba ea na teachtairí,
25 agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea,” ar siad, “mura thú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?”
26 Thug Eoin freagra orthu: “Déanaim féin baisteadh le huisce,” ar seisean, “ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh,
27 an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh.”
28 I mBeatáine, taobh thall den Iordáin, a tharla an méid sin mar a raibh Eoin ag déanamh baiste.
29 Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.
30 Eisean an té a ndúirt mé faoi: ‘Tá duine ag teacht i mo dhiaidh a bhfuil tosach aige orm, mar bhí sé ann romham.’