43 Lá arna mhárach bheartaigh sé dul don Ghailíl agus fuair sé Pilib. Dúirt Íosa leis: “Lean mise.”
44 Ó Bhéatsáide, ó chathair Aindriais agus Pheadair, a ba ea Pilib.
45 Fuair Pilib Natanael agus dúirt sé leis: “An té úd ar ar scríobh Maois sa dlí agus ar ar scríobh na fáithe, fuaireamar é, Íosa mac Iósaef ó Nazarat.”
46 Dúirt Natanael: “As Nazarat? An féidir aon ní fónta a theacht as sin?” “Tar agus feic,” a dúirt Pilib leis.
47 Chonaic Íosa Natanael ag teacht chuige agus dúirt ina thaobh: “Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann.”
48 “Cén chaoi a n‑aithníonn tú mé?” arsa Natanael leis. D'fhreagair Íosa: “Sular ghlaoigh Pilib ort,” ar sé leis, “agus tú faoin gcrann fígí, chonaic mé thú.”
49 D'fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”