17 Mar gheall air seo atá grá ag an Athair dommar go bhfuilim ag tabhairt mo bheatha uaim,chun go nglacfainn chugam arís í.
18 Níl aon duine á tógáil uaim;is uaim féin a thugaim uaim í,agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaimagus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís.Sin í an aithne a fuair mé ó m'Athair.”
19 D'éirigh aighneas arís idir na Giúdaigh mar gheall ar na briathra sin.
20 Dúirt a lán acu: “Tá deamhan ann agus tá sé as a mheabhair. Cad a ba áil libh a bheith ag éisteacht leis?”
21 Dúirt cuid eile: “Ní focail deamhnaigh na focail seo. An féidir le deamhan súile na ndall a oscailt?”
22 Bhí féile na Toirbhearta in Iarúsailéim agus ba é an geimhreadh é.
23 Agus bhí Íosa ag siúl timpeall sa Teampall i bpóirse Sholaimh.