19 D'éirigh aighneas arís idir na Giúdaigh mar gheall ar na briathra sin.
20 Dúirt a lán acu: “Tá deamhan ann agus tá sé as a mheabhair. Cad a ba áil libh a bheith ag éisteacht leis?”
21 Dúirt cuid eile: “Ní focail deamhnaigh na focail seo. An féidir le deamhan súile na ndall a oscailt?”
22 Bhí féile na Toirbhearta in Iarúsailéim agus ba é an geimhreadh é.
23 Agus bhí Íosa ag siúl timpeall sa Teampall i bpóirse Sholaimh.
24 Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: “An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.”
25 D'fhreagair Íosa iad:“D'inis mé daoibh, ach ní chreideann sibh.Na hoibreacha a dhéanaim in ainm m'Athar,tugann siad fianaise i mo thaobh.