28 Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh,agus ní chaillfear go deo iad,ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad.
29 M'Athair a thug dom iad, is mó é ná cách,agus ní féidir d'aon duine fuadach ó láimh m'Athar.
30 Is aon mise agus an tAthair.”
31 Ansin thóg na Giúdaigh clocha le caitheamh leis.
32 D'fhreagair Íosa iad: “Tá a lán oibreacha fónta taispeánta agam daoibh ó m'Athair. Cé acu obair díobh a bhfuil sibh ag gabháil de chlocha ionam mar gheall uirthi?”
33 D'fhreagair na Giúdaigh é: “Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine.”
34 D'fhreagair Íosa iad:“Nach bhfuil sé scríofa in bhur ndlí,‘Dúirt mé: Is déithe sibh’?