31 Ansin thóg na Giúdaigh clocha le caitheamh leis.
32 D'fhreagair Íosa iad: “Tá a lán oibreacha fónta taispeánta agam daoibh ó m'Athair. Cé acu obair díobh a bhfuil sibh ag gabháil de chlocha ionam mar gheall uirthi?”
33 D'fhreagair na Giúdaigh é: “Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine.”
34 D'fhreagair Íosa iad:“Nach bhfuil sé scríofa in bhur ndlí,‘Dúirt mé: Is déithe sibh’?
35 Má thug sé déithe orthu siúdar labhraíodh briathar Dé leo,agus nach féidir an scrioptúr a chur ar neamhní,
36 an té a naomhaigh an tAthair,agus a chuir sé uaidh sa saol,an ndeir sibhse leis: ‘Sin diamhasla agat!’mar gur dhúirt mé: ‘Is mé Mac Dé’?
37 Mura ndéanaim oibreacha m'Athar,ná creidigí mé.